Friday, April 07, 2006

Soiscéal na bhfilí



Ag breathnú cúpla lá ó shin ar Soisceál Pháraic ar TG4. Cúrsaí filíochta a bhí i gceist, saothar Michael Hartnett ach go háirithe. Ar an bpainéal bhí Liam Carson, Gabriel Rosenstock agus Mary Shine Thompson. Ní mó ná sásta a bhí siad leis an obair, ón méid a chuala Liopa an Chait ar aon nós. Níor bhain sé le filí Innti, níor chuir sé suim sa ghluaiseacht nua filíochta agus é ag bualadh timpeall Teampall Ghleanntáin i gCo Luimní nach ceantar breac-Ghaeltachta fiú amháin é agus é ag féachaint siar ar shean leads sean-aimseartha leathchraiceáilte na seachtú aoise déag sna hoícheanta fada fírfhliucha anfa ar toinn taobh leo a bhainfeadh an ceann díot mura mbeadh do Bhurberry agat agus gan taithí ar bith acu ar an Long Valley agus cailíní Chorcaigh. Bhuel, fair enough, níl an oiread sin spéise agam féin i gcuid mhaith den fhilíocht Ghaeilge a d’fhoilsigh sé nó i bpolaitíocht gheaitsiúil leithéid A Farewell to English, ach ba chéim san aistear iad, bhí sé ag iarraidh traidisiún agus pobal a aimsiú dó féin agus theastaigh an teanga uaidh, theastaigh Ó Rathaille agus Ó Bruadair agus Haicéad uaidh ag an bpointe sin. Theastaigh an guth fíochmhar sin uaidh agus é ag éalú uaidh comhthéacs a linne, uaidh féin, b’fhéidir.

Ach ansin thosaigh GR ag ionsaí na filíochta Béarla chomh maith. Inchicore Haiku? Muise ní haiku in aon chor iad, nach raibh fhios aige go mbaineann na haikus leis na séasúir agus mura bhfuil chuile bhraon báistí agus chuile dhuilleog fhómhair istigh agat sna seacht siolla déag taobh leis na froganna ag plopáil sna linnte, b’fhearr duit fanacht abhaile ag breathnú ar Ní Gaeilgeoir Mé nó ar Desperate Housewives. Chuile sheans nach róbhuartha a bhí Hartnett faoin easpa dúlra sa dán, óir tá an dá chuid ann den teideal agus tábhacht ar leith ag baint le ‘Inchicore.’ Ní raibh sé ag iarraidh an traidisiún Seapánach a shaothrú. Ach ar ndóigh, a dúradar, thosaigh sé ag cleachtadh na foirme sin de bharr go raibh sé ag ól agus nach raibh de fhuinneamh nó de chumas aige tabhairt faoi dánta níos faide. Seo an cineál truflais a thagann as an léirmheastóireacht bheathaisnéiseach. An amhlaidh go raibh Basho chomh tugtha don saké nach raibh sé in ann dul thar trí líne? Tá mé ag léamh eipeagram de chuid Catullus agus Martial i láthair na huaire agus ní chreidfeá boladh an fhíona ar na leathanaigh, míorúilt ar fad gur landáil focal amháin ar an bpár agus na leads amuigh óiche i ndiaidh óiche i mbun ragairne agus scléipe agus chuile short iompraíochta nach bhfuil sé de chead againn a lua i mblog soineanta mar seo.
Níl fhios agam céard tá uathu – úrscéalta i bhfoirm véarsaíochta, b’fhéidir. Comhartha eicínt nach bhfuil an intleacht faoi bhrú an óil nó na ndrugaí. Caithfidh mé fáil réidh anois díreach leis na haikus a bhí do mo choinneáil ó mhaith.....